Skip to Content

Teagasc - The Irish Agriculture and Food Development Authority

Seolann Teagasc Scéim Na Gaeilge

Sheol Ard-Stiúrthóir Teagasc, An tOllamh Gearóid Ó Boighil,Scéim na Gaeilge de chuid Teagasc go hoifigiúil ag ceannceathrú na heagraíochta, i bPáirc na Darach, Ceatharlach, inniu, Déardaoin, 6 Nollaig 2007.

Solathraíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 creatlach reachtúil le haghaidh seachadadh seirbhísí trí mheán na Gaeilge. Príomhchuspóir an Achta ná chun infhaighteacht níos fearr agus caighdeán níos airde de sheirbhísí poiblí a chinntiú as Gaeilge.

Mar fhreagra ar an reachtaíocht seo, bhunaigh Teagasc grúpa oibre na Gaeilge chun comhairliú go hinmheánach agus chun Scéim na Gaeilge a dhréachtú do Theagasc. Tá an Scéim aontaithe go foirmiúil anois ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív agus tiocfaidh sé chun éifeacht ó Eanáir 2008.

Táthar chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí imlínithe sa scéim ar bhonn céimithe le linn saolré trí bliana na cáipéise. Tá Teagasc tar éis iniúchadh a dhéanamh ar na príomhphointí teagmhála le baill an phobail agus táthar tar éis díriú isteach ar fheabhsuithe i leith cumarsáid as Gaeilge trí an suíomh gréasáin, fáiltiú, preasráitis agus seirbhísí duine-ar-dhuine.

Agus é ag labhairt i bPáirc na Darach inniu, dúirt an tOllamh Ó Boighil: "Mar Ard-Stiúrthóir de chuid Teagasc, táim tiomanta go hiomlán do Scéim na Gaeilge agus táim ag tnúth lena forfheidhmiú sna blianta atá amach romhainn. Cé gur cáipéis í seo atá ina cheangal dlí agus go bhfuil sé mar dhualgas orainn seachadadh ar na gealltanais a chuimsíonn sí, mothaím mar eagraíocht, agus ar bhonn aonair, go nglacfaidh ár bhfoireann leis an nGaeilge agus leis an deis seo chun ár gcuid scileanna sa réimse seo a fhorbairt."

Teagasc 2030

TResearch

Teagasc eCollege

Celebrating 50 Years of Excellence in Agriculture and Food

Irish Journal of Agricultural and Food Research

National Development Plan 2000 - 2006

· Freedom of Information ·

· Privacy Statement ·