Tuarascáil Bhliantúil 2006 agus Ráitis Airgeadais
-
Tuarascáil Bhliantúil 2006 agus Ráitis Airgeadais (2.6MB PDF) - Annual Report 2006 and Financial Statements
Buaicphointí 2006
Tá Teagasc tar éis atheagrú agus infheistíocht a dhéanamh chun é féin a a chur sa riocht is go mbeidh sé in ann seirbhísí den scoth a chur ar fáil do thionscal na talmhaíochta agus an bhia amach anseo. Tugann an eagraíocht buntacaíocht i gcónaí d’earnáil talmhaíochta a fhorbairt a bheidh iomaíoch, nuálach agus dírithe ar thomhaltóirí.
Ríomhcholáiste
Chríochnaigh 400 mac léinn san iomlánTeisteiméireacht Shainchuspóra FETAC Leibhéal 5 sa Táirgeadh Ainmhithe agus Barr (100 uair an chloig) a bhí faighte acu le seachadadh ar-líne. Chuaigh siad ar fad beagnach ar aghaidh agus chríochnaigh siad Teisteiméireacht Shainchuspóra FETAC Leibhéal 6 sa Ghnó Feirme.
Ócáidí 2006
D’éirigh thar cionn le hÓcáid Talmhaíochta agus Bia 06 a reachtáladh i gColáiste Chill an Dáltúnaigh. Bhí breis is 40,000 cuairteoir ann, agus tugadh léiriú ar raon cuimsitheach gníomhaíochtaí de chuid Teagasc.
Comhairliúchán
D’ardaigh líon na gcliant go dtí 43,000 in 2006, ardleibhéal nua sna blianta deireanacha seo. Tá na cláir teicneolaíochta gnó agus asitrithe á dtiomáint chun cinn i gcónaí, ach thacaigh seirbhís comhairliúcháin Teagasc le 23,500 cliant de chuid REPS agus chuidigh siad le 25,500 feirmeoir lena gcuid iarratas faoin Scéim um Bainistíocht Dramhaíl Feirme. Agus cuidiodh le 41,500 feirmeoir a nAoníocaíocht dhíchúplaithe Feirme a fháil.
Activity
|
Siúlóidí Feirme |
Gníomhaíocht |
Eallach |
Caoirigh |
Curaíocht |
|---|---|---|---|---|
| Líon | 85 | 51 | 17 | 30 |
| I láthair | 4,340 | 3,695 | 698 | 1,250 |
| Cruinnithe Grúpa | ||||
| Líon | 939 | 180 | 49 | 70 |
| I láthair | 14,085 | 5,860 | 752 | 850 |
| Seimineáir | ||||
| Líon | 52 | 21 | 29 | 7 |
| I láthair | 4,100 | 1,392 | 1,522 | 740 |
Taighde ar Bhia
Críochnaíodh BIOCLA, 5ú Tionscadal Creata an Aontais Eorpaigh, a bhí á chomhordú ag an Ionad Taighde Bia ar an gCloch Liath (Moorepark). Chun an ócáid a cheiliúradh, d’óstaigh an Chloch Liath (Moorepark) comhdháil idirnáisiúnta ‘Bianna Feidhme bunaithe ar Aigéad Líonoiléach Comhchuingeach (ALC/CLA)’ Bhí feabhsú suntasach ar leibhéil na lipidí fola i ndaoine a d’ith cáis ar ardleibhéal ALC, rud a léirigh na dea-thorthaí a bhaineann le cáis ALC-saibhrithe a ithe.
Taighde Talmhaíochta
Rinne na heolaithe taighde táirgí déiríochta ar an gCloch Liath (Moorepark) córas íocaíochta ar bhainne a fhorbairt a d’fheilfeadh do dhálaí na hÉireann, agus tá lion suntasach próiseálaithe bainne eile tosaithe á úsáid freisin. Faoin gcóras íocaíochta nua sin (Córas A+B-C), seoltar leideanna faoi éilimh an mhargaidh ar ais go dtí na táirgeoirí. Agus tugann sé deis don eolaíocht a ghabhann le pórú agus le cothú na n'ainmhithe páirt níos suntasaí a imirt sa táirgeadh éifeachtach ag leibhéal na feirme, rud a théann i bhfeidhm ar an mbrabúsacht feirme freisin. Is féidir éifeachtacht an phróisis ar leibhéal na monarchan a fheabhsú go suntasach freisin, tharla gurb é an próiseálaí a bheidh ag íoc as fíorluach an bhainne i gcás an mheascáin táirgí a fheileann d’Éirinn.





